en
Eilis Ni Dhuibhne

Hurlamaboc

Obavesti me kada knjiga bude dodata
Da biste čitali ovu knjigu otpremite EPUB ili FB2 datoteku na Bookmate. Kako da otpremim knjigu?
  • G Ní Fhuaruisceje citiralaпре 9 година
    Pól nuair nach raibh ann ach ógánach anabaí, gan maoin ná uaillmhian. Ag obair i siopa a bhí sé ag an am. Ise a d’aithin na féidearthachtaí a bhí sa bhuachaill aineolach seo. Agus anois fear saibhir, léannta a bhí ann, fear a raibh meas ag cách air, ardfhear. Teach breá aige, clann mhac, iad cliste agus dathúil.
    Bhí a lán le ceiliúradh acu.
    Maidir leis an gcóisir féin, bhí gach rud idir lámha aici - bhí sí tar éis gloiní agus fíon a chur ar ordú sa siopa fíona; bhí an reoiteoir lán le pióga agus ispíní agus bradán agus arán lámhdhéanta den uile shórt. Bhí an dara reoiteoir tógtha ar cíos aici - is féidir é seo a dhéanamh, ní thuigfeadh a lán daoine é ach thuig Lisín, b’in an saghas í - agus bhí an ceann sin líonta freisin, le rudaí deasa le hithe. Rudaí milse den chuid is mó de, agus rudaí nach raibh milis ach nach raibh i Reoiteoir a hAon. Dá mbeadh an lá go breá bheadh an chóisir acu amuigh sa ghairdín, agus bhí boird agus cathaoireacha le fáil ar iasacht aici ó na comharsana. Agus mura mbeadh an lá go breá bhí an teach mór go leor do na haíonna ar fad. Bhí gach rud ann glan
  • G Ní Fhuaruisceje citiralaпре 9 година
    he bliain faoi bhláth
    RUÁN
    Fiche bliain ó shin a pósadh Lisín agus Pól.
    Bheadh an ócáid iontach á ceiliúradh acu i gceann seachtaine. Bhí an teaghlach ar fad ag tnúth leis. Sin a dúirt siad, pé scéal é.
    ‘Beidh an-lá go deo againn!’ a dúirt Cú, an mac ab óige. Cuán a bhí air, i ndáiríre, ach Cú a thugadar air go hiondúil. Bhí trí bliana déag slánaithe aige.
    ‘Beidh sé cool,’ arsa Ruán, an mac ba shine. Ocht mbliana déag a bhí aige siúd. Níor chreid sé go mbeadh an chóisir cool, chreid sé go mbeadh sé crap. Ach bhí sé de nós aige an rud a bhí a mháthair ag iarraidh a chloisint a rá léi. Bhí an nós sin ag gach duine.
    Agus bhí Lisín sásta. Bhí a fhios aici go mbeadh an ceiliúradh go haoibhinn, an fhéile caithréimeach, mar ba chóir di a bheith. Caithréim a bhí bainte amach aici, dar léi. Phós sí
fb2epub
Prevucite i otpustite datoteke (ne više od 5 odjednom)